musicas.mus.br

Letras de músicas - letra de música - letra da música - letras e cifras - letras traduzidas - letra traduzida - lyrics - paroles - lyric - canciones - NUAIR A BHí MISE ÓG - AOIFE NI FHEARRAIGH - música e letra

Utilize o abecedário abaixo para abrir as páginas de letras dos artistas

A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Nuair A Bhí Mise Óg letra


Nuair a bhí mise óg
Ó ba dheas is ba dóighiúil
A' scafaire stócaigh mé
'Súil' na mban óg
Bhínn á mealladh 's á bpógadh
Is shiúlainn a' rod leo
'S bhínn carthanach cóir leo
Gan mhairg gan bhrón

Bhíodh rosca gach bruinnil'
A' lasadh le loinnir
'S gach dealramh níos glinne
Le lúcháire romham
'S mo ghuthsa gur bhinne leo
'Chluinstin sa chruinniú
Ná'n píobaire 'seinm
Ó mhaidin go neoin

Och, och, ar a' lá sin
Murab é bhain a' bláth domh
'S é d'fhág mé mar 'tá mé
'Mo chréatúr gan dóigh
'S é chloígh mé 's é chráigh mé
Gur chaolaigh mo chnámha
'S d'fhág meath mar ar mo shláinte
Nach leigheastar go deo

'S iomaí bean álainn
Ó Chorcaigh go Málainn
A chaith seal ar láimh liom
Mo chreach is mo léan
'S mé 'g imeacht gan ábhar
Arís is á bhfágail
Go cloíte lag cráite
Faoi leatrom leo féin

Thit mallacht gach duine acu
'Bhfiormhullaigh 'n chinn orm
D'imigh mo bhláth
'S níor fhan ribe ar mo mhaol
Ach mo sheanbhlagad feannta
Le síon is le haimsir
'Mo chréatúr a' drandán
Fé bhuaireamh a' tsaoil

Ach anois iarraim pardún
Go léir ar na staidmhná
'Bhí cineálta cairdiúil liom
Lá breá den tsaol
Ná táthar a' rá liom
Gur damnaithe 'tá me
'S nach dual domh go brách fáil
Go Flaitheas na Naomh

Ach an n-aidimse 'Dhia
Go mb'fhearr liom go síoraí
'Bheith 'n Ifreann na bPian
I measc cairde mo chléibh
Ná bheith 'bhFlaithis in airde
'Measc túitní cráifeach'
Nach dtuigfeadh a' cás
A d'fhág mise faoi léan

Och, och, ar a' lá sin
Murab é bhain a' bláth domh
'S é d'fhág mé mar 'tá mé
'Mo chréatúr gan dóigh
'S é chloígh mé 's é chráigh mé
Gur chaolaigh mo chnámha
'S d'fhág meath mar ar mo shláinte
Nach leigheastar go deo

Aoife Ni Fhearraigh - Letras

top 30 músicas

©2003 - 2024 - musicas.mus.br